I mí Bealtaine, a shocrófar dáta don athbhreithniú breithiúnach atá úinéirí talún ar an gCeathrú Rua i gCo na Gaillimhe, a thabhairt i gcoinne an Rialtais, an Ard-Aighne agus Bhord Pleanála.

Tá úinéirí na talún, ar a bhfuil Uisce Éireann ag iarraidh Ionad Cóireála Séarachais a thógáil,ag iarraidh go gcuirfí cáipéisí reachtúla ar fáil dóibh i nGaeilge.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh Ionad Cóireála Séarachais a thógáil ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.

Uisce Éireann ag iarraidh dul ar aghaidh le forbairt ag Céibh an tSrutháin

Is leis na comhlachtaí Gleann Mór Céibh Teoranta agus Gleann Mór Cuan Teoranta an talamh ar a bhfuil Uisce Éireann ag iarraidh an t-ionad a thógáil.

Bhí ordú ceannaithe éigeantach déanta ag Uisce Éireann ar an talamh agus cheadaigh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal do na húinéirí lena gcás a phlé.

Ach an tseachtain seo caite, tharraing Uisce Éireann siar an t-ordú mar go raibh botún teicniúil déanta aige maidir le hainm na n-úinéirí ar an ordú.

Tá sé ar intinn ag Uisce Éireann, ordú nua a éisiúnt amach anseo.