Tá conarthaí sínithe ag comhlacht héileacaptair chun criúnna a thabhairt ó Aerfort Chiarraí go suíomhanna taiscéalaíochta amach ó chósta an Iar-Dheiscirt.
Tá taiscéalaíocht ola agus gáis ar siúl faoi láthair breis is 200km amach san Atlantach.
Comhlacht 'Babcock Helicopters' a bheidh ag cur na seirbhíse ar fáil.
Deirtear má thugtar i dtír na táirgí ola, bheadh Inbhear na Sionainne nó Oileáin Faoide i gCorcaigh san áireamh, toisc go bhfuil siad cóirithe i dtaobh olltáirgeadh ola.