Dúirt reachtaire Choláiste Mhuire Loch an Iúir,Lorcán Ó Máirtín go raibh aithne mhór ansin ar Mhorgan Barnard, an t-ógánach 17 bliain d'aois a maraíodh sa Chorr Chríochach arú inné.
'Clann mhór le Gaeilge iad muintir Barnard' a dúirt an tUas.Ó Máirtín.
Morgan Barnard (is faide ar dheis),Lauren Bullock (sa lár) agus Connor Currie (ar chlé) an triúr a maraíodh
Bhí Morgan Barnard ar dhuine de thriúir a maraíodh go tragóideach lasmuigh d'Óstán an Greenvale i gCo.Thír Eoghain, tráth a raibh slua daoine ag iarraidh a mbealach a dhéanamh isteach ag dioscó.
Dalta meánscoile a bhí ann in Acadamh Naomh Phadraig,Dún Geanainn.